Aisnid's Blog

Tá ceist agam

Foilsithe ag: aisnid ar: Márta 31, 2010

Dia daoibh, a chairde,

Tá súil agam go bhfuil sibh go maith agus ag baint suilt as na laethanta saoire.  Tá ceist agam b’fheidir go mbeidh a fhios ag duine agaibh an freagra.  Da mbeifeá ag scríobh faoi na modheolaíochtaí taighde an scríobhann tú san aimsir chaite  nó san aimsir fháistineach- rinneadh, cuireadh i bhfeidhm, eagródh nó déanfar, cuirfear, eagrófar ???.  Rith sé liom inniu .

Go raibh maith agaibh,

Ais

5 Freagraí do "Tá ceist agam"

Hi Aisling,
Bhí deacrachtaí agam leis an gceist sin freisin. Níl tuairim agam i ndáiríre. Sna hirisí scríobhann siad san aimsir chaite ach bheadh sé aisteach dúinne a bheith ag scríobh san AC nuair nach bhfuil sé tosaithe fiú…. brón orm nach bhfuil mé aon chabhair dhuit..
Mairéad

Nil freagra na ceiste sin agam a Aisling.Cheapas gur san aimsir chaite a beadh an chaibidil le scríobh agus feicim go bhfuil an saorbhriathar in úsaid ag daoine ach nilim cinnte.
An bhfuil an obair ranga tosnaithe/criochnaithe agat?
Feicfidh mé tú ag an deireadh seachtaine -beidh go leor le plé.Bhí an ceart ag Peadar nuair aduirt sé go raibh la iomlán ag teastáil.

Mairéad, a chara,
Cheap mé féin gur san aimsir chaite a bhéas sé, níl mé ró-chinnte. Táim ag tosú ar an taighde gníomhach dé Luain seo chugainn agus táim ag súil go mór le tús a chur leis. An bhfuil tú féin tosaithe ? Beidh sé iontach seans a fháil rudaí a phle ag an ds, neart ceisteanna agam ! Feicfidh mé ansin tú. Ais

Súil agam go bhfuil an taighde ag dul ar aghaidh go maith .An bhfuil an leirmheas litriochta scriofa agat?Is deacair eagar a chur ar an ábhar dar liom.

Nil aon nuacht agam-is ar éigin atá am agam féachaint ar an teilifis na laethanta seo.Tá súil agam go bhfuil ag eirí go maith leat.Nil sé éasca ord a chur ar na smaointe.

Freagair

Fill in your details below or click an icon to log in:

Lógó WordPress.com

Faoi do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athraigh )

Peictiúr Twitter

Faoi do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athraigh )

Grianghraf Facebook

Faoi do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athraigh )

Ag ceangal le %s


  • Tada
  • banrach: Nil aon nuacht agam-is ar éigin atá am agam féachaint ar an teilifis na laethanta seo.Tá súil agam go bhfuil ag eirí go maith leat.Nil sé éasc
  • banrach: Súil agam go bhfuil an taighde ag dul ar aghaidh go maith .An bhfuil an leirmheas litriochta scriofa agat?Is deacair eagar a chur ar an ábhar dar li
  • bernadettechambers: Brón orm a Aisling ach ní fhaca mé do bhlag go dtí inniu. Chun na fírinne a rá níl mé ro- chinnte faoin 'Aimsir' gur cheart a úsáid. Is é m

Ranganna

Lean

Get every new post delivered to your Inbox.