Foilsithe ag: aisnid ar: Márta 29, 2010
Laethanta Saoire Shona do gach duine. Tá sé iontach sos a fháil ón scoil agus le cuidiú Dé beidh seans ceart againn anois dul i mbun taighde !. Bíonn sé iontach deacair díriú ar an obair choláiste tar éis lá oibre, nach mbíonn ?. Chaith mé tamall inniu ag breathnú ar na vicithe atá déanta ag an dá ghrúpa eile – Meánscoil agus NOSC. Gabhaim comhghairdeachas leis an dá ghrúpa. Tá éacht déanta agaibh. Sa vicí Meánscoile cheap mé go raibh nasc iontach déanta idir an fhilíocht agus an teicneolaíocht. Bhí gach gné den dán Níl aon Ní idir chúlra an fhile agus téamaí an dáin clúdaithe acu. Cheap mé go raibh na híomhánna codarsnachta agus an Chumhacht phointe iontach éifeachtach agus tá súil agam an dán seo a úsáid leis mo rang tar éis na Cásca.
Thaitin ainm agus obair an ghrúpa NOSC go mór liom. Tá éacht déanta ag an ngrúpa áiseanna saibhre a chur ar fáil. Bhí an t-eolas teicneolaíochta iontach úsáideach agus praiticiúil. Tá áiseanna iontacha a bhaineann le gach gné den chúrsa curtha ar fáil. Molaim go hard an saibhreas atá sna háiseanna idir áiseanna filíochta, litríochta, cainte agus gramadaí. Thaitin Clare sa Spéir , an Karaoke Grease agus na Cumhacht Phointí éagsúla go mór liom. Bainfidh mé ana-chuid úsáide as na háiseanna seo sa rang. Is iontach an rud é a bheith ag foghlaim óna chéile agus ag roinnt áiseanna lena chéile. Go minic sa Ghaeilge bíonn sé dúshlánach teacht ar áiseanna atá tarraingteach agus spreagúil don rang. Tá an t-ádh linn go bhfuil an oiread sin áiseanna nua againn anois de bharr obair na vicíthe. Ní amháin gur fhoghlaim muid uilig ó bheith ag déanamh an vicí ach an rud is iontaí ar fad faoi ná an stóras áiseanna iontacha againn anois. Bainfidh na foghlaimeoirí an-tairbhe as saothar na vicithe agus gabhaim buíochas libh as bhur gcuid oibre a roinnt.
Márta 30, 2010 ag 4:40 in
Haidhe a Aisling
Feicim ó do bhlag go bhfuil obair iontach ar siúl agat! Maith thú! Níl sé éasca nuair atá go leor rudaí ar siúl againn ag an am céanna. Tá na hachoimrí atá scríofa agat ar na hailt éagsúla an-shuimiúil. Iontach chomh maith go bhfuil léirmheasanna scríofa agat ar vicíthe na ngrúpaí eile. Sin atá ar siúl agamsa chomh maith faoi láthair. Brón orm nach raibh mé ag an gcur i láthair a rinne tú féin agus Orla. Chuala mé go raibh sé de chaighdeán an-ard. Bain sult as an saoire anois a stór agus feicfidh mé thú i gceann cúpla seachtain xx