Aisnid's Blog

Cén saghas struchtúir ?

Foilsithe ag: aisnid ar: Márta 18, 2010

Williams, J. Agus Evans, J., 1998. ‘What kind of Focus and on which Forms ?’ i Doughty, C. Agus Williams, J. (eag)  Focus on Form in Classroom Second Language Acquisition . Cambridge : Cambridge University Press, 139-155

Tá moltaí déanta ag Harley (1993) ó thaobh na  struchtúir teangeolaíochta is fiúntaí le haird na bhfoghlaimeoirí  a dhíriú  orthu

  • Struchtúir Teangeolaíochta atá éagsúil ón máthair theanga
  • Struchtúir Teangeolaíochta atá míshoiléir toisc gur struchtúir  neamhrialta nó neamhchoitianta iad
  • Struchtúir Teangeolaíochta  nach mbíonn  riachtanach don chumarsáid
  • Struchtúir Teangeolaíochta a chothaíonn míthuiscint  go rialta

Sa taighde seo roghnaíodh dhá struchtúr  sa Bhéarla  le haird na bhfoghlaimeoirí  a dhíriú orthu – Struchtúr simplí a mbíonn in úsáid ag foghlaimeoirí go rialta agus a dhéantar botún leis go minic agus struchtúr casta.  Ghlac trí ghrúpa páirt sa taighde -an chéad ghrúpa a bhí mar ghrúpa cóimheasa, an dara  grúpa a fuair tuile ionchuir le go leor samplaí den struchtúir agus an tríú grúpa a fuair an tuile ionchuir maraon le léirteagaisc   faoina rialacha.

Torthaí an Taighde

Is iad na daltaí a d’éirigh go maith leo sa réamhscrúdú roimh an taighde teagaisc  is mó a dhein dul chun cinn.  Léiríonn an toradh seo an tábhacht a bhaineann le daltaí a bheith réidh don phróiseas foghlama. Leis an struchtúr simplí d’éirigh níos fearr leis an dara grúpa ná an chéad ghrúpa agus d’éirigh níos fearr arís leis an tríú grúpa ná an dá ghrúpa eile. Is léir mar sin gur fiú aird na bhfoghlaimeoirí a dhíriú ar struchtúir na teanga agus go mbíonn níos mó éifeachta ag baint le tuile ionchuir nuair a chuirtear léirtheagaisc faoin riail i bhfeidhm fosta. Leis an riail casta ní raibh difríocht suntasach sna torthaí . An conclúid atá le tarraingt as seo ná go noibríonn  teagasc a chuireann  béim ar struchtúir na teanga is fearr le struchtúir nach bhfuil ró chasta dona foghlaimeoirí  agus nuair atá  na daltaí ag an leibhéal forbartha ceart leis an struchtúr a shealbhú.

Freagra amháin do "Cén saghas struchtúir ?"

An stopann tú ag léamh agus ag scríobh?Cá bhfaigheann tu na h-ailt shuimiúla.?
Caithfidh mé am breise a thogail chun iad go léir a léamh mar cabhraionn siad go mór liom agus me ag iarraidh abhar a ullmhú don rang.
Nil se éasca a mheas cathain a bhionn na daltai ag an leibhéal ceart ach is fiú go mór a n-aird a dhiriú ar struchtúr na teanga.

Freagair

Fill in your details below or click an icon to log in:

Lógó WordPress.com

Faoi do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athraigh )

Peictiúr Twitter

Faoi do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athraigh )

Grianghraf Facebook

Faoi do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athraigh )

Ag ceangal le %s


    • banrach: Nil aon nuacht agam-is ar éigin atá am agam féachaint ar an teilifis na laethanta seo.Tá súil agam go bhfuil ag eirí go maith leat.Nil sé éasc
    • banrach: Súil agam go bhfuil an taighde ag dul ar aghaidh go maith .An bhfuil an leirmheas litriochta scriofa agat?Is deacair eagar a chur ar an ábhar dar li
    • bernadettechambers: Brón orm a Aisling ach ní fhaca mé do bhlag go dtí inniu. Chun na fírinne a rá níl mé ro- chinnte faoin 'Aimsir' gur cheart a úsáid. Is é m

    Ranganna

    Lean

    Get every new post delivered to your Inbox.