Foilsithe ag: aisnid ar: Márta 11, 2010
Faighim iontach deacair é obair choláiste a fháil déanta na laethanta seo. Táim an- ghafa le Cóineartú agus coicís na Gaeilge. Tá súil agam go dtiocfaidh an Spiorad Naomh i gcabhair uaim go luath ! Léigh mé i rith na seachtaine léacht Dhónail Ó hAiniféin ’08 atá foilsithe i leabhrán ag Coiscéim agus Conradh na Gaeilge. Sa léacht déanann Dónal cur síos cuimsitheach ar thaighde idirnáisiúnta tumoideachais agus a chuid taighde féin. Déanann sé cur síos ar thaighde tráchtais a rinne sé don chúrsa M.A. i dTeagasc Teangacha , ar a bhfuil muid féin i mbun staidéir. Rinne Dónal taighde ar scileanna léitheoireachta an Bhéarla sa Ghaelscoil ionas léargas a thabhairt ar cheist an tumoideachais. Fuair sé amach go raibh páistí Gaelscoile go maith chun tosaigh ar fhoghlaimeoirí sna scoileanna Béarla ó thaobh na léitheoireachta Bhéarla de ach go háirithe i gceantair atá faoi mhí-bhuntáiste. Tá cúlra na ngaelscoileanna agus taighde an tumoideachais fíor-spéisiúil. Táimid athraithe ó chóras tumoideachais a bhí go hiomlán éigeantach agus barr anuas tar éis bunú an Saorstáit go córas Tumoideachais atá go hiomláin roghnach san lá atá inniu ann. Is córas luath-thumoideachais iomláin amháin atá againn in Éirinn. Ana-shuimiúil ar fad molann Dónal gur cheart go mbeadh múnlaí páirt agus meán thumoideachais ar fáil ionas rogha níos fearr a thabhairt do thuismitheoirí agus le contanam an tumoideachais a chur chun cinn in Éirinn. Tá roghanna córais tumoideachais faoi lán seol i dtíorthaí eile ar nós Ceanada. Ceapaim féin gur smaoineamh iontach a bheadh ann agus tar éis an léachta a léamh tuigim gur sprioc indéanta atá ann. Feicfidh mé ag an deireadh seachtaine sibh. Tá súil agam go bhfuil ag éirí go maith le gach duine.
Márta 14, 2010 ag 9:43 in
Comhghairdeachas leat féin agus le Orla ar an gcur i láthair spreagúil a rinne sibh inné.Bhi fhios againn go mbeadh sé thar barr-agus bhí.Go raibh maith agaibh as an eolas breise atá sa leabhrán.Beidh sé an- úsaideach don tráchtas agus don seomra ranga.Tá súil agam go raibh deireadh seachtaine deas agaibh taréis na h-oibre agus gur bhain tu an phríomhchathair amach slán sabháilte.
Maidir leis an alt thuas aontaím leat go bhfuil cúlra na gaelscolaiochta agus an tumoideachais an spéisiúil.Tá ceist seo na gaeilge nios casta na mar a cheapas-chuir léacht Chonchuir (Dé hAoine)ag machnamh aris mé go háirithe ar na fachtoiri a bhfuil tionchar acu ar an sealbhu teanga.
Márta 17, 2010 ag 9:54 rn
Go raibh míle maith agat a Mhairéad as an tacaíocht iontach a thugann tú i gcónaí, tá an t-ádh linn tú a bheith ar an gcúrsa linn. Tá sé iontach go bhfuil an LDL thart ag gach duine anois.Táim ag súil le dul i mbun oibre ar an tráchtas .Ba bhreá liom na ceachtanna a phleanáil go luath . Guím Lá Fheile Pádraig Shona ort, ag súil len tú a fheiceáil an chéad uair eile.
Márta 17, 2010 ag 1:59 in
Hi Aisling, Beannachtaí na féile ort, mise ag tógáil sosa an tseachtain seo, beidh an bheirt againn gnóthach ag pleanáil na gceachtanna i rith na gCásca is dóigh. Tá an córas tumoideachais an rathúil, agus ag méadú gach bliain. Súil agam féin go mbeidh mé páirteach den chóras sin lá amháin!!!:-)
Orla