Foilsithe ag: aisnid ar: Márta 2, 2010
Gabhaim comhghairdeachas leis na cailíní a bhí cur i láthair iontach acu ar an Aoine. Bhí réimse eolais leathan ann agus tascanna iontacha ar bun. Bhí comhoibriú iontach idir an ceathrar acu agus chuir siad ceardlann a bhí fíor-shuimiúil agus spreagúil os ár gcomhair. Go raibh míle maith agaibh.
Táim craiceáilte gnóthach ar scoil na laethanta seo ag ullmhú don Chóineartú agus coicís na Gaeilge. D’iarr na páistí orm dráma beag a dhéanamh agus táim i mbun oibre ar sin anocht. D’aistríomar Journey – ‘Don’t stop believing ‘ inné. Cheap mé b’fhéidir go mbainfeadh daoine eile sult as freisin. Táimid a rá ‘e ‘do oíche. Is suimiúil mar a athraíonn tú do chanúint le cur in oiriúint don cheol !
Ná stop ag creidiúint
Cailín ó bhaile beag, cónaí i ndomhan uaigneach
Thóg sí an traein meánoíche, ag dul áit ar bith
Buachaill ó bhaile mór, rugadh é Detroit ó dheas
Thóg sé an traein meánoíche ag dul áit ar bith
Amhránaí i seomra dubh
Boladh fíona , cumhrán saor
Le meangadh labhraítear
Téann sé ar aghaidh, ‘s ar aghaidh ‘s ar aghaidh ‘s ar aghaidh
Strainséir ag fanacht suas’síos an boulevard
A scáil ag cuardach in san oíche
Pobal soilsí, beo don phiain ’s fulaingt
Faoi cheilt , áit éigin in san oíche
Ag obair go dian gach aon lá,
Tá gach duine éagsúil
Aon rud le dul ag spraoi
Uair amháin
Cailltear, buaitear
Bíonn cúpla duine brónach
Ó ní chríochnaíonn an físeáin riamh
Téann sé ar aghaidh, ‘s ar aghaidh ‘s ar aghaidh ‘s ar aghaidh
Ná stop ag creidiúint
Coinnigh leis an mhothú
Soilsí, Daoine
Lean ort
Márta 3, 2010 ag 7:36 in
Cén chaoi a ndéanann tú é, a Aisling?
Ar dtús -miíe buíochas as an eolas a chuir tú chugam .Fuair mé an e-leathanach sa phost inniu.Tá abhar léitheoireachta na coicíse le fáil sna h-iontrálahcha atá agat ar an mblag agus neart tagairti agat freisin.Beidh mé in ann m’ábhar léitheoireachta a fhairsingiú anois ós rud e go bhfuil an LDL déanta .Go raibh maith agat as na focla molta faoin gcur i lathair.Bhain mé an taitneamh as’ná stop ag creidiuint’Go raibh maith agat as an eolas a roinnt linn.Caithfidh mé an t-abhar faoin tumoideachas a léamh freisin ,tá spéis agam ann,Sin rud faoin gcúrsa seo -tá gach toipic spéisiúil go háirithe nuair a bhionn duine i mbun ranga,agus nil sé éasca an t-eolas a bhaineann leis an tráchtas a phiocadh amach.Rachaidh sé uilig chun tairbhe dúinn pé scéal é.
Márta 4, 2010 ag 8:38 in
Go raibh maith agat a Mhairéad. Tá súil agam go mbeidh na eleathanaigh úsáideach duit. Is maith le mo pháistí iad mar gheall go bhfuil siad topaiciúil agus ní bhíonn siad trom le léamh. Dearfainn go mbeadh siad go maith sa Mheánscoil le rang a bhíonn leisce orthu a bheith ag léamh na Gaeilge. Tá siad deas simplí. Scoil craiceáilte na laethanta seo ach aimsir an Earraigh ag teacht faoi dheireadh !. Feicfidh mé tú i gceann seachtaine Ais