Foilsithe ag: aisnid ar: Feabhra 20, 2010
Bhí sé iontach a bheith saor don seachtain. Cheap me go bhfaighinn i bhfad níos mó oibre déanta don choláiste ach d’imigh an t-am uaim go gasta. Tá ullmhúcháin don LDL déanta agam féin agus Orla agus tá súil againn am a chaitheamh ar arís an deireadh seachtaine seo chugainn. Táim ag léamh don chuntas litríochta i láthair na huaire . Rinne mé athléamh ar maidin ar alt a tháinig mé trasna ar an mhí seo caite san Irish Times ‘Schism fears for Gaeilgeoirí’ atá mar theideal an ailt. Bhí an-suim agam san ábhar toisc go bhfuil an ‘teanga na Gaelscoilise’ ??? bainteach le hábhar an tráchtais ’sagamsa. Tá cur síos déanta san alt ar shuirbhé a rinne teangeolaí ina ndéantar comparáid idir Ghaeilge na Gaeltachta agus an Ghaeilge Uirbeach/ Gaeilge na ngaelscoileanna. Rinne an teangeolaí anailís ar ghnéithe teangeolaíochta áirithe ó thaifid cláracha nuachta le léitheoirí Gaeltachta agus léitheoirí uirbeacha. Is léir go raibh ana- chuid difríochtaí teangeolaíochta idir an dá ghrúpa go mór-mhór ó thaobh na gramadaí agus fuaimniú na teanga de. Ní amháin sin ach is minic nach dtuigeann an dá dhream a chéile agus go mb’fhearr leo gan Gaeilge a labhairt dá chéile ‘ They prefer to tune each other out or speak English, rather than use Irish together’. Tá líon na gcainteoirí dúchasacha sa Ghaeltacht ag titim agus líon na gcainteoirí uirbeacha ag dul i méid. Tá todhchaí na teanga ag brath go mór ar Ghaeilge na gcainteoirí uirbeacha seo a labhraíonn teanga nua ina bhfuil atá easpa cruinnis inti. Pléitear san alt an pidsean atá á labhairt, sin leagan simplithe den teanga nach bhfuil cainteoirí dúchasacha aici. Má mhaireann an teanga go dtí an chéad ghlúin eile tugtar criól uirthi ansin. Tá gramadach na Gaeilge i mbaol is cosúil. An cheist mhór atá ann nó ar cheart dúinn glacadh leis an teanga seo agus fáilte a chur roimpi mar threo nua don Ghaeilge ???. Ta súil agam go raibh sos breá ag gach duine !.
Feabhra 21, 2010 ag 1:39 in
Tá an ghramadach ar a cosa deiriadh – níl aon amhras faoi sin. Ní feidir le páistí an lae inniu Béarla a scríobh nó a litriú i gceart, is beag an seans atá ann go mbeidís ar mhuin an tiogair ghaelaigh! An ndeachaigh tú thar n-ais go Baile Átha Cliath go fóill?
Ní chreidim go bhfuil seachtain oibre romhainne arís :<
Feabhra 22, 2010 ag 6:41 in
Ar ais ag obair inniu is olc an rud é ach muid ag comhaireamh na laethanta 5 seachtaine go dtí an chéad bhriseadh eile ! Is fíor an rud a dúirt tú tá caighdeán an Bhéarla tite go mór freisin. Tá daoine óga an lae inniu níos réchúisí faoi chúrsaí gramadaí go ginéarlta.