Foilsithe ag: aisnid ar: Feabhra 10, 2010
Gabhaim comhghairdeachas ó chroí leis na cailíní as an jab iontach a dhein siad leis an LDL ar an Satharn. Beidh mo Rang a Sé anois ag tabhairt faoi ‘photostory’ agus podchraoltóireacht go luath ! Roimh an LDL ní bheadh sé de mhuinín agam triail a bhaint as gníomhaíochtaí teicniúla mar seo. Ta sé iontach go bhfuil an LDL ag dul chun sochair dúinne agus dár gcuid páistí. Is iontach an rud é a bheith ag foghlaim óna chéile. Táim ag díriú isteach an tseachtain seo ar Shéideán Sí, an scéim atá ann do mhúineadh na Gaeilge sna Scoileanna lán Ghaeilge agus Scoileanna Gaeltachta. Tá na leabhair ar fáil anois suas go Rang a Cúig agus tá ardmholadh ag dul dó. Níl aon taithí agam ar an bpacáiste teagaisc a úsáid ach táim dóchasach go mbeidh spreagadh agus smaointí ann dosna ceachtanna a bheas le dearadh agam don tráchtas. Tá leabhar an mhúinteora Seideán Sí do Rang a Cúig ar iasacht agam ar feadh cúpla oíche . Tá ‘saibhreas agus cruinneas Gaeilge a fhorbairt leis an tumadh teanga’ luaite mar phríomhchuspóir. Is léir go n-oireann na modheolaíochtaí atá sa scéim cur chun cinn na Feasachta Teanga agus an FonF atá suim agam ann. Moltar ‘seachas rialacha gramadaí a chur os comhair na ndaltaí ón tús , spreagtar iad le hanailís a dhéanamh ar an teanga chun teacht ar phatrúin agus chun na rialacha gramadaí a oibriú amach iad féin.’ Le Seideán Sí spreagtar na foghlaimeoirí le bheith ag machnamh ar an teanga agus le féinmhonatóireacht agus féinmheasúnú a dhéanamh. Mar chuid den Fheasacht Teanga dírítear aird na bhfoghlaimeoirí ar na canúintí agus moltar do gach dalta leabhar scríbhneoireachta pearsanta a choinneáil. Táim ag súil go mór leis an mBriseadh Meán Téarma faoin am seo. Tá súil agam go mbeidh sos deas ag gach duine.
Feabhra 15, 2010 ag 5:19 in
Haigh Aisling, Is léir ón méid atá scríofa agat, go bhfuil an scéim sin “Séidean Sí” an spéisiúil. Súil agam go mbeidh sé cabhrach duit agus tú ag ullmhú don taighde agus don tráchtas. Tá a fhios agam go bhfuil an-suim agat i saibhreas agus cruinneas na Gaeilge ar scoil agus déarfainn go mbeidh spreagadh agus tacaíocht le fáil sa scéim seo. Bain sult as an mbriseadh agus beidh mé ag tnúth le bualadh leat an chéad uair eile i nGaillimh.