Aisnid's Blog

Tá ceist agam

Foilsithe ag: aisnid ar: Márta 31, 2010

Dia daoibh, a chairde,

Tá súil agam go bhfuil sibh go maith agus ag baint suilt as na laethanta saoire.  Tá ceist agam b’fheidir go mbeidh a fhios ag duine agaibh an freagra.  Da mbeifeá ag scríobh faoi na modheolaíochtaí taighde an scríobhann tú san aimsir chaite  nó san aimsir fháistineach- rinneadh, cuireadh i bhfeidhm, eagródh nó déanfar, cuirfear, eagrófar ???.  Rith sé liom inniu .

Go raibh maith agaibh,

Ais

Vicí Meánscoile agus Vicí NOSC

Foilsithe ag: aisnid ar: Márta 29, 2010

Laethanta Saoire Shona do gach duine. Tá sé iontach sos a fháil ón scoil agus le cuidiú Dé beidh seans ceart againn anois dul i mbun taighde !.  Bíonn sé iontach deacair díriú ar an obair choláiste tar éis lá oibre, nach mbíonn ?.  Chaith mé tamall inniu ag breathnú ar na vicithe atá déanta ag an dá ghrúpa eile – Meánscoil agus NOSC.  Gabhaim comhghairdeachas leis an dá ghrúpa.  Tá éacht déanta agaibh.  Sa vicí Meánscoile cheap mé go raibh nasc iontach déanta idir an fhilíocht agus an teicneolaíocht.  Bhí gach gné den dán Níl aon Ní  idir chúlra an fhile agus téamaí an dáin clúdaithe acu.  Cheap mé go raibh na híomhánna codarsnachta agus an Chumhacht phointe iontach éifeachtach agus tá súil agam an dán seo a úsáid leis mo rang tar éis na Cásca.  

Thaitin ainm agus obair an ghrúpa NOSC go mór liom.  Tá éacht déanta ag an ngrúpa áiseanna saibhre a chur ar fáil.  Bhí an t-eolas teicneolaíochta iontach úsáideach agus praiticiúil.  Tá áiseanna iontacha a bhaineann le gach gné den chúrsa curtha ar fáil.  Molaim go hard an saibhreas atá sna háiseanna idir áiseanna filíochta, litríochta, cainte  agus gramadaí.   Thaitin Clare sa Spéir , an Karaoke Grease agus na Cumhacht Phointí éagsúla go mór liom. Bainfidh mé ana-chuid úsáide as na háiseanna seo sa rang.  Is iontach an rud é a bheith ag foghlaim óna chéile agus ag roinnt áiseanna lena chéile.  Go minic sa Ghaeilge bíonn sé dúshlánach teacht ar áiseanna atá tarraingteach agus spreagúil don rang.  Tá an t-ádh linn go bhfuil an oiread sin áiseanna nua againn anois de bharr obair na vicíthe.  Ní amháin gur fhoghlaim muid uilig ó bheith ag déanamh an vicí  ach an rud is iontaí ar fad faoi ná an  stóras áiseanna iontacha againn  anois. Bainfidh na foghlaimeoirí an-tairbhe as  saothar na vicithe agus gabhaim buíochas libh as bhur gcuid oibre a roinnt.

Cén saghas struchtúir ?

Foilsithe ag: aisnid ar: Márta 18, 2010

Williams, J. Agus Evans, J., 1998. ‘What kind of Focus and on which Forms ?’ i Doughty, C. Agus Williams, J. (eag)  Focus on Form in Classroom Second Language Acquisition . Cambridge : Cambridge University Press, 139-155

Tá moltaí déanta ag Harley (1993) ó thaobh na  struchtúir teangeolaíochta is fiúntaí le haird na bhfoghlaimeoirí  a dhíriú  orthu

  • Struchtúir Teangeolaíochta atá éagsúil ón máthair theanga
  • Struchtúir Teangeolaíochta atá míshoiléir toisc gur struchtúir  neamhrialta nó neamhchoitianta iad
  • Struchtúir Teangeolaíochta  nach mbíonn  riachtanach don chumarsáid
  • Struchtúir Teangeolaíochta a chothaíonn míthuiscint  go rialta

Sa taighde seo roghnaíodh dhá struchtúr  sa Bhéarla  le haird na bhfoghlaimeoirí  a dhíriú orthu – Struchtúr simplí a mbíonn in úsáid ag foghlaimeoirí go rialta agus a dhéantar botún leis go minic agus struchtúr casta.  Ghlac trí ghrúpa páirt sa taighde -an chéad ghrúpa a bhí mar ghrúpa cóimheasa, an dara  grúpa a fuair tuile ionchuir le go leor samplaí den struchtúir agus an tríú grúpa a fuair an tuile ionchuir maraon le léirteagaisc   faoina rialacha.

Torthaí an Taighde

Is iad na daltaí a d’éirigh go maith leo sa réamhscrúdú roimh an taighde teagaisc  is mó a dhein dul chun cinn.  Léiríonn an toradh seo an tábhacht a bhaineann le daltaí a bheith réidh don phróiseas foghlama. Leis an struchtúr simplí d’éirigh níos fearr leis an dara grúpa ná an chéad ghrúpa agus d’éirigh níos fearr arís leis an tríú grúpa ná an dá ghrúpa eile. Is léir mar sin gur fiú aird na bhfoghlaimeoirí a dhíriú ar struchtúir na teanga agus go mbíonn níos mó éifeachta ag baint le tuile ionchuir nuair a chuirtear léirtheagaisc faoin riail i bhfeidhm fosta. Leis an riail casta ní raibh difríocht suntasach sna torthaí . An conclúid atá le tarraingt as seo ná go noibríonn  teagasc a chuireann  béim ar struchtúir na teanga is fearr le struchtúir nach bhfuil ró chasta dona foghlaimeoirí  agus nuair atá  na daltaí ag an leibhéal forbartha ceart leis an struchtúr a shealbhú.

Léacht an Chonartha- Dónal ó hAiniféin

Foilsithe ag: aisnid ar: Márta 11, 2010

Faighim iontach deacair é obair choláiste a fháil déanta na laethanta seo.  Táim an- ghafa le Cóineartú agus coicís na Gaeilge.  Tá súil agam go dtiocfaidh an Spiorad Naomh i gcabhair uaim go luath ! Léigh mé i rith na seachtaine léacht Dhónail Ó hAiniféin ’08  atá foilsithe i leabhrán ag Coiscéim agus Conradh na Gaeilge.  Sa léacht déanann Dónal cur síos cuimsitheach ar thaighde idirnáisiúnta tumoideachais agus a chuid taighde féin. Déanann sé cur síos ar  thaighde tráchtais a rinne sé don chúrsa M.A.  i dTeagasc Teangacha , ar a bhfuil muid féin i mbun staidéir.  Rinne Dónal taighde ar scileanna léitheoireachta an Bhéarla sa Ghaelscoil ionas léargas a thabhairt ar cheist an tumoideachais.     Fuair sé amach go raibh páistí  Gaelscoile   go maith chun tosaigh ar fhoghlaimeoirí sna scoileanna Béarla ó thaobh na léitheoireachta  Bhéarla de ach go háirithe i gceantair atá faoi mhí-bhuntáiste.  Tá cúlra na ngaelscoileanna agus taighde an tumoideachais fíor-spéisiúil. Táimid athraithe ó chóras tumoideachais a bhí go hiomlán éigeantach agus barr anuas tar éis bunú an Saorstáit  go córas Tumoideachais atá go hiomláin roghnach san lá atá inniu ann.  Is córas  luath-thumoideachais iomláin amháin atá againn in Éirinn. Ana-shuimiúil ar fad molann Dónal gur cheart go mbeadh múnlaí páirt agus meán thumoideachais  ar fáil  ionas rogha níos fearr a thabhairt do thuismitheoirí agus le contanam an tumoideachais a chur chun cinn in Éirinn. Tá roghanna córais tumoideachais faoi lán seol i dtíorthaí eile ar nós Ceanada.    Ceapaim féin gur smaoineamh iontach a bheadh ann agus tar éis an léachta a léamh tuigim gur sprioc indéanta atá ann.   Feicfidh mé ag an deireadh seachtaine sibh.  Tá súil agam go bhfuil ag éirí go maith le gach duine.

Coicís na Gaeilge

Foilsithe ag: aisnid ar: Márta 2, 2010

Gabhaim comhghairdeachas leis na cailíní a bhí cur i láthair iontach acu ar an Aoine.  Bhí réimse eolais leathan ann agus tascanna iontacha ar bun. Bhí comhoibriú iontach idir an ceathrar acu agus chuir siad ceardlann a bhí fíor-shuimiúil agus spreagúil os ár gcomhair.  Go raibh míle maith agaibh.

Táim craiceáilte gnóthach ar scoil na laethanta seo ag ullmhú don Chóineartú agus coicís na Gaeilge. D’iarr na páistí orm dráma beag a dhéanamh agus táim i mbun oibre ar sin anocht.  D’aistríomar Journey – ‘Don’t stop believing ‘ inné.  Cheap mé b’fhéidir go mbainfeadh daoine eile sult as freisin.  Táimid a rá ‘e ‘do oíche.  Is suimiúil mar a athraíonn tú do chanúint le cur in oiriúint don cheol ! 

Ná stop ag creidiúint

Cailín ó bhaile beag, cónaí i ndomhan uaigneach

Thóg sí an traein meánoíche, ag dul áit ar bith

Buachaill ó bhaile mór, rugadh é Detroit ó dheas

Thóg sé an traein meánoíche ag dul áit ar bith

Amhránaí  i seomra dubh

Boladh fíona , cumhrán saor

Le meangadh  labhraítear

Téann sé ar aghaidh, ‘s ar aghaidh ‘s ar aghaidh ‘s ar aghaidh

Strainséir ag fanacht suas’síos an boulevard

A scáil ag cuardach in san oíche

Pobal soilsí, beo don phiain ’s fulaingt

Faoi cheilt , áit éigin in san oíche

Ag obair go dian gach aon lá,

Tá gach duine éagsúil

Aon rud le dul ag spraoi

Uair amháin

Cailltear, buaitear

Bíonn cúpla duine brónach

Ó ní chríochnaíonn an físeáin riamh

Téann sé ar aghaidh, ‘s ar aghaidh ‘s ar aghaidh ‘s ar aghaidh

Ná stop ag creidiúint

Coinnigh leis an mhothú

Soilsí, Daoine

Lean ort

Ag machnamh !

Foilsithe ag: aisnid ar: Feabhra 24, 2010

Is mé ag machnamh agus ag plé  cúrsaí tráchtais le mo chomhghleacaithe tháinig moladh chun solais. Cúpla deoch oíche Aoine ?  Táim cinnte go mbeidh tart ar na cailíní tar éis an LDL.  Feicfidh mé ar an Aoine sibh !

Suíomh Idirlín -iteachilearn

Foilsithe ag: aisnid ar: Feabhra 23, 2010

Dia daoibh a chairde,

Ta suíomh idirlín http://www.iteachilearn.com/ atá neart eolais úsáideach ann.  Tá nasc ann http://www.iteachilearn.com/cummins/morepapers.htm le haltanna a bheadh suimiúil do gach duine.  Tá altanna scríofa faoin teicneolaíocht sa teagasc teanga  tá a fhios agam go bhfuil roinnt daoine ag plé le cúrsaí teicneolaíochta don tráchtas.  Léigh mé féin alt iontach suimiúil ann ‘Immersion Education for the Millennium: What we have learned from 30 Years of Research on Second Language Immersion’ a scríobh Jim Cummins.  Déanann sé cur síos ar an tumoideachas i gCeanada, áit ina bhfuil contanam tumoideachais ar fáil, rud nach bhfuil againn in Éirinn.  Léirítear san  alt  na buntáistí a bhaineann leis an dátheangachas suimíoch agus  nach mbíonn na foghlaimeoirí ag aon mhíbhuntáiste ó thaobh na céad teanga de.  Pléann Cummins cúlra an easpa cruinnis a bhíonn sna scileanna ginchumais ag foghlaimeoirí dhátheangacha agus déanann sé roinnt moltaí oideolaíochta ina leith.  Tá creatlach oibre molta aige atá roinnte ina trí chuid – Fócas ar an Teachtaireacht B- Fócas ar an Teanga C- Fócas ar an Úsáid.  Tá súil agam go mbeidh an suíomh seo úsáideach daoibh.

Alt sa Times

Foilsithe ag: aisnid ar: Feabhra 20, 2010

Bhí sé iontach a bheith saor don seachtain.  Cheap me go bhfaighinn i bhfad níos mó oibre déanta don choláiste ach d’imigh an t-am uaim go gasta.  Tá ullmhúcháin don LDL déanta agam féin agus Orla agus tá súil againn am a chaitheamh ar arís an deireadh seachtaine seo chugainn.  Táim ag léamh don chuntas litríochta i láthair na huaire . Rinne mé athléamh ar maidin ar alt a tháinig mé trasna ar an mhí seo caite san Irish Times  ‘Schism fears for Gaeilgeoirí’ atá mar  theideal an ailt.   Bhí an-suim agam san ábhar toisc go bhfuil an ‘teanga na Gaelscoilise’ ??? bainteach le hábhar an tráchtais ’sagamsa.    Tá cur síos déanta san alt ar shuirbhé a rinne teangeolaí ina ndéantar comparáid idir Ghaeilge na Gaeltachta agus an Ghaeilge Uirbeach/ Gaeilge na ngaelscoileanna. Rinne an teangeolaí anailís ar ghnéithe teangeolaíochta áirithe ó thaifid cláracha nuachta le léitheoirí Gaeltachta agus léitheoirí uirbeacha.  Is léir go raibh ana- chuid difríochtaí teangeolaíochta  idir an dá ghrúpa go mór-mhór ó thaobh na gramadaí agus fuaimniú na teanga de.  Ní amháin sin ach is minic nach dtuigeann an dá dhream a chéile agus go mb’fhearr leo gan Gaeilge a labhairt dá chéile ‘ They prefer to tune each other out or speak English, rather than use Irish together’.  Tá líon na gcainteoirí dúchasacha sa Ghaeltacht ag titim agus líon na gcainteoirí uirbeacha ag dul i méid. Tá todhchaí na teanga ag brath go mór ar Ghaeilge na gcainteoirí uirbeacha seo a labhraíonn teanga nua ina bhfuil atá easpa cruinnis inti. Pléitear san alt an  pidsean atá á labhairt,  sin leagan simplithe den teanga nach bhfuil cainteoirí dúchasacha aici.  Má mhaireann an teanga go dtí an chéad ghlúin eile tugtar criól uirthi ansin.   Tá gramadach na Gaeilge i mbaol is cosúil.  An cheist mhór atá ann nó ar cheart dúinn glacadh leis an teanga seo agus fáilte a chur roimpi mar threo nua don Ghaeilge ???.   Ta súil agam go raibh sos breá ag gach duine !.

Séideán Sí

Foilsithe ag: aisnid ar: Feabhra 10, 2010

Gabhaim comhghairdeachas ó chroí leis na cailíní as an jab iontach a dhein siad leis an LDL ar an Satharn.  Beidh mo Rang a Sé anois ag tabhairt faoi ‘photostory’ agus podchraoltóireacht go luath  !  Roimh an LDL ní bheadh sé de mhuinín agam triail a bhaint as gníomhaíochtaí teicniúla mar seo.  Ta sé iontach go bhfuil an LDL ag dul chun sochair dúinne  agus dár gcuid páistí.   Is iontach an rud é a bheith ag foghlaim óna chéile.   Táim ag díriú isteach an tseachtain seo ar Shéideán Sí, an scéim atá ann do mhúineadh na Gaeilge sna Scoileanna lán Ghaeilge agus Scoileanna Gaeltachta.  Tá na leabhair ar fáil anois suas go Rang a Cúig agus tá ardmholadh ag dul dó.  Níl aon taithí agam ar an bpacáiste teagaisc  a úsáid ach táim dóchasach go  mbeidh spreagadh agus smaointí  ann dosna ceachtanna a bheas le dearadh agam don tráchtas. Tá leabhar an mhúinteora Seideán Sí do Rang a Cúig ar iasacht agam ar feadh cúpla oíche . Tá ‘saibhreas agus cruinneas Gaeilge a fhorbairt leis an tumadh teanga’  luaite  mar phríomhchuspóir.  Is léir go n-oireann na modheolaíochtaí  atá sa scéim cur chun cinn na Feasachta Teanga agus an FonF atá suim agam ann.  Moltar ‘seachas rialacha gramadaí a chur os comhair na ndaltaí ón tús , spreagtar iad le hanailís a dhéanamh ar an teanga chun teacht ar phatrúin agus chun na rialacha gramadaí a oibriú amach iad féin.’  Le Seideán Sí spreagtar na foghlaimeoirí le bheith ag machnamh ar an teanga agus le féinmhonatóireacht agus féinmheasúnú  a dhéanamh. Mar chuid den Fheasacht Teanga dírítear aird na bhfoghlaimeoirí ar na canúintí agus moltar do gach dalta leabhar scríbhneoireachta pearsanta a choinneáil. Táim ag súil go mór leis an mBriseadh Meán Téarma faoin am seo.  Tá súil agam go mbeidh sos deas ag gach duine.

Intouch

Foilsithe ag: aisnid ar: Feabhra 2, 2010

Is mé ag léamh na drochnuachta  uilig faoi chúrsaí airgid in Iris Chumann Mhúinteoirí  Éireann Intouch tháinig mé trasna ar alt iontach spéisiúil faoin bhfeasacht Teanga.  Dar leis an alt tá ceithre chuid san Fheasacht Teanga-  

  • Feasacht  faoi  domhan na teanga  atá  mórthimpeall orainn   
  • Taithí teanga -an bealach ina foghlaimítear teanga agus straitéisí foghlama teanga,
  • Feasacht a chothú  faoin mbealach a oibríonn teanga,
  •  Ag baint suilt as agus ag spraoi le teanga

Is léir go n-ardaíonn an Fheasacht Teanga caighdeán teanga .Spreagtar na foghlaimeoirí  tríd an bhfeasacht teanga agus cothaítear  meas ar theangacha agus cultúir éagsúla.   Seasann na foghlaimeoirí siar ón teanga le díriú uirthi agus len í a phlé.  Foghlaimíonn na daltaí ardscileanna smaointeoireachta a théann chun sochair dóibh agus iad i mbun na foghlama i gcoitinne.  Is rud is mó a chuir lúcháir orm faoin alt seo ná go bhfuil eiseamláirí ann le gníomhaíochtaí praiticiúla   a chuirfeadh an fheasacht teanga chun cinn sa rang.  Tá suímh idirlín molta chomh maith a chuireann  smaointí agus áiseanna  ar fáil.  Ta sé iontach teacht ar alt praiticiúil.  Ta súil agam go bhfuil gach duine ag déanamh go maith.  Feicfidh mé ag an deireadh seachtaine sibh !.


  • Tada
  • banrach: Nil aon nuacht agam-is ar éigin atá am agam féachaint ar an teilifis na laethanta seo.Tá súil agam go bhfuil ag eirí go maith leat.Nil sé éasc
  • banrach: Súil agam go bhfuil an taighde ag dul ar aghaidh go maith .An bhfuil an leirmheas litriochta scriofa agat?Is deacair eagar a chur ar an ábhar dar li
  • bernadettechambers: Brón orm a Aisling ach ní fhaca mé do bhlag go dtí inniu. Chun na fírinne a rá níl mé ro- chinnte faoin 'Aimsir' gur cheart a úsáid. Is é m

Ranganna

Lean

Get every new post delivered to your Inbox.